Údair an Bhlascaoid agus gníomh na scríbhneoireachta
Published in Studia Hibernica, January 2026.
Link
Abstract
Tá mórán airde tugtha ag léitheoirí agus ag criticeoirí ar fud an domhain ar scéalta beatha an Bhlascaoid ó foilsíodh na chéad saothair i bhfichidí agus i dtríochaidí an fhichiú haois. San alt seo, déantar mionléamh ar thuiscintí Thomáis Uí Chriomhthain air féin, faoi mar a léirítear iad in *An tOileánach*, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1929. Déantar scagadh chomh maith ar an léiriú a thugtar ar an ngné seo dá fhéiniúlacht i scríbhinní eile dá chuid, cuid acu ar téacsanna gearra iad nár foilsíodh ina n-iomláine go dtí seo. Aithnítear an mhuinín a bhí ag an gCriomhthanach as a chumas féin i réimsí éagsúla den saol agus déantar anailís ar an mbéim a leag sé ar a ról mar údar. Déantar iniúchadh chomh maith ar thagairtí gaolmhara do chúrsaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta in *Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin* (2000), saothar nár tugadh an aird chéanna air go fóill agus a bhfuil léiriú luachmhar le fáil ann ar an léitheoireacht mar ghnáthchuid de shaol na mná óige seo ar an mBlascaod.