By Keith Ó Riain
Published in Eighteenth-Century Ireland, January 2025.
Link

Abstract

Achoimre Díríonn an t-alt seo ar naoi ndán pholaitiúla le hÉadbhard de Nógla. Is é aidhm an ailt solas a chaitheamh ar dhearcadh polaitiúil an Nóglaigh agus an chaoi ar léirigh sé a thuiscint ar imeachtaí polaitiúla ó na daichidí go dtí na hochtaidí san ochtú haois déag. Ní chuirtear a dhánta ar Chogadh na Seacht mBliana san áireamh sa phlé seo, áfach, toisc go bhfuil siad sin in eagar ag údar eile cheana féin. Pléitear ceithre dhán ar Shéarlas Éadbhard Stíobhart agus ar chúrsaí polaitiúla na hEorpa, chomh maith le dán amháin ar Chogadh Quebec i Meiriceá Thuaidh. Déantar plé anseo ar amhrán grá agus polaitiúil ar Mháire Treasa, Banríon na hOstaire, den chéad uair. Ag tús na 1770idí chum an Nóglach dán polaitiúil ina bhfuil macalla de stíl an fhile, Eoghan Rua Ó Súilleabháin, mar aon le hamhrán macarónach a léiríonn scil an fhile sa dá theanga. Scríobh de Nógla aisling pholaitiúil amháin ag deireadh a shaoil ina léiríonn sé a dhílseacht don Seacaibíteachas agus a thugann tuiscint ar leith dúinn ar a chumas mar fhile. Déantar scrúdú ar an aisling sin mar chuid den aiste seo, chomh maith.