By Pádraig Ó Siadhail
Published in Studia Hibernica, January 2025.
Link

Abstract

(Gaeilge) Ar an bheagán leabhar Gaeilge faoin Afraic Theas, tá Commando (1938), aistriúchán le Niall Ó Domhnaill ar Commando: A Boer Journal of the Boer War le Deneys Reitz, agus An Aifric Theas (1947), bunleabhar faisnéise le hÉamonn Mac Giolla Iasachta. Ba é an Gúm, an brainse foilsitheoireachta Gaeilge den Roinn Oideachais a d’fhoilsigh an dá shaothar. Is díol suime na leabhair féin: an cuntas lán de ghníomhartha gaile agus gaisce le hógfhear a raibh lámh aige i gCogadh na mBórach in Commando, cuntas a foilsíodh ag am nuair ba ann go fóill do dhearcadh rómánsúil in Éirinn faoi na hAfracánaigh a thug dúshlán impireacht na Breataine ag tús an fichiú haois; agus, in An Aifric Theas, an cuntas finné súl ar an Afraic Theas sna 1930idí le húdar a raibh ceangail teaghlaigh aige leis an tír. Ach faoi mar a léiríonn an t-alt seo, caitheann scéal fhoilsiú an dá théacs Gaeilge, agus cinneadh an Ghúim ábhar a bhaint de scríbhinní na leabhar, solas ar an chumann chigilteach a bhí ag Rialtas na hÉireann le Rialtas Aontas na hAfraice Theas idir na 1920idí agus na 1940idí.